Tipp FM Radio

Tipp FM Radio

Tipp FM Radio - On Your Wavelength read less
NotíciasNotícias

Episódios

Ar An Lá Seo 20-12-24
20-12-2024
Ar An Lá Seo 20-12-24
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 20ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1973 d'oscail Carol Simpson buama beartáin in aice leis an óstán Hilton I Londain – agus mhair sí an phléasc. Fuair sí sreang isteach ann chomh maith le huaireadóir, chaith sí an beart agus rith sí ó roimh ar phléasc sé. I 2015 phós imreoir peile Frank Lampard. Phós sé a cailín Christine Bleakley a bhí mar láithreoir teilifís ag an am I Londain. I 2009 bhí daoine ag iarradh Barack Obama a thabhairt chuig an chontae. Tháinig Dan Rooney chuig an chontae chuig Moneygall chun comhrá a bheith aige faoi phlean chun Barack Obama a thabhairt chuig Moneygall. I 2022 bhí Tiobraid Árann ag ceiliúradh an t-ainmniúchán a fuair aisteoir Kerry Condon. Fuair sí an t-ainmniúchán Golden Globe don aisteoir tacaíochta is fearr do The Banshees of Inisherin. Sin Slade le Merry Christmas Everybody – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1973. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1980, 12 lá tar éis a mharaíodh John Lennon I Nua Eabhrac, chuaigh a amhrán chuig uimhir a haon sa Bhreatain. Chuaigh amhrán John Lennon 'Just Like Starting Over' chuig uimhir a haon – agus bhí sé a chéad singil a shroich uimhir a haon. I 2006 fuair Eminem colscaradh don dara huair. D'aontaigh siad chun cúram a roinnt lena iníon Hailie. Phós an chúpla arís ach rinne Eminem iarratas ar cholscaradh trí mhí tar éis. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh imreoir saccair Kylian Mbappe sa Fhrainc I 1998 agus rugadh aisteoir Jonah Hill I Meiriceá I 1983 agus seo chuid de na rudaí a rinne sé. Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn le heagrán nua de Ar An Lá Seo.
Ar An Lá Seo 19-12-24
20-12-2024
Ar An Lá Seo 19-12-24
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 19ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1976 bhí trúpaí Bhreathnach faoi lámhach, ach níor ghortaíodh aon duine. Bhí teannas ann nuair a mharaíodh na trúpaí John Joseph Savage a bhí aois 17 agus ghortaíodh beirt eile in eachtra eile. I 2005 bhí Gráinne Close agus Shannon Sickles an chéad chúpla leispiach a bhí I pháirtnéireacht sibhialta sa Bhreatain. Phós siad I Halla na Cathrach I mBéal Feirste. Bhí agóid ann ach bhí tacaíocht acu ó a lán daoine éagsúla. I 2011 bog an chúirt dúiche i Kilaloe chuig teach tábhairne O'Donovan i Ballina go sealadach. Rinne siad triail sa teach tábhairne agus dúradh go b'fhéidir go raibh sé láthair mhaith do na cúirteanna. I 2020 d'oscail The Recovery Hub i Durlas do lúthchleasaithe a bhfuil ag iarradh téarnamh tar éis drochghortú a fháil. Sin Queen le Bohemian Rhapsody – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1975. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1999 shroich Westlife uimhir a haon ar na cairteacha sa Bhreatain lena leagan den amhrán I Have A Dream ó ABBA agus a leagan de Seasons In The Sun ó Terry Jacks. Fuair siad a chéad uimhir a haon den Nollaig. I 2015, nach mór 33 bhliain tar éis a tháinig sé amach don chéad uair – dhíol an t-albam Thriller ó Michael Jackson níos mó ná 30 milliúin cóip. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Richard Hammond sa Bhreatain I 1969 agus rugadh aisteoir Jake Gyllenhaal I gCalifornia I 1980 agus seo chuid de na rudaí a rinne sé. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.
Ar An Lá Seo 18-12-24
20-12-2024
Ar An Lá Seo 18-12-24
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 18ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1981, bhí vótáil ann leis na hiriseoirí Éireannach chun fanacht ar stailc. De bharr sin níor tháinig The Irish Press amach agus ní raibh siad cinnte an mbeadh The Evening Press agus Sunday Press chun teacht amach. I 2011 bhí imní ann faoi shláinte Pope Benedict, dúirt daoine a chuaigh ann go raibh sé níos laige agus níos laige gach lá. Bhí sé ag úsáid ardán a bhí ag bogadh I St. Peter's Basilica. Bhí sé 85 ag an am agus bhí ceisteanna ann. I 2012 bhí snámhaí a lorg don snámh ar Lá Nollaig. Tharla sé gach bliain i dTeampall Mór chun airgead a bhailiú don ospís i dTeampall Mór. I 2015 tháinig an gheansaí nua amach do Thiobraid Árann le Skoda mar urraitheoir. Lainseáil an Bord Contae suíomh gréasáin chomh maith. Sin Cher le Believe – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1998. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2000 fuair Kirsty MacColl bás nuair a mharaíodh í I dtimpiste bháid I Meicsiceo. Bhí sí aois 41 agus bhí í féin agus a chlann ag tumadóireacht ag an am. I 2005 bhí vóta ann agus dúirt daoine go raibh Fairytale of New York an t-amhrán Nollaig is fearr riamh. Tháinig an t-amhrán ó The Pogues agus Kirsty MacColl amach ar barr, le Mariah Carey sa dara háit le All I Want For Christmas Is You agus tháinig Wham sa tríú háit le Last Christmas. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Brad Pitt I Meiriceá I 1963 agus rugadh amhránaí Billie Eilish I LA ar an lá seo I 2001 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.